
Seo roinnt samplaí d’ainmneacha bhailte fearainn ó Chléire, Co. Chorcaí
|
Ainm an Bhaile Fearainn | Cur síos ar ainm an bhaile fearainn |
|
An t-Ardghort | Is é seo ainm an bhaile fearainn agus ainm an ghoirt laistigh de. Ní léir cé acu ainm an bhaile fearainn a
shíolraíonn ó ainm an ghoirt nó a mhalairt ach tá an bhrí féin
soiléir – an gort ard, gort is ea páirc go bhfuil glasraí agus eile
ag fás inti.
|
|
|
Baile Iarthach Theas & Baile Iarthach Thuaidh | An baile fearainn Iar-Dheisceartach agus an baile fearainn Iar-Thuascairteach (nó d’fhéadfaí áitreabh a bheith i gceist leis an bhfocal ‘baile’) |
|
|
Ceathrúna | Roinnt talún atá i gceist leis an bhfocal seo. |
|
|
Cill Leice Fórabháin | B’fhéidir gurbh é uaigh agus leac cuimhneacháin duine darbh Mac Fórabhán atá i gceist leis an ainm seo. |
|
|
Cnocán na mBairneach | Bairnigh is ea na héisc bheaga a mhaireann i sliogáin a bhíonn greamaithe de charraigeacha cois farraige. Cnocán is ea cnoc beag. |
|
|
Cnocán an Choimhthigh | D’fhéadfadh cnoc beag duine darbh ainm O’Cowhig (as Béarla) a bheith i gceist anseo nó d’fhéadfadh ‘strainséir’ a bheith i gceist leis. |
|
|
Coinlín | Is é is brí leis seo ná gort go bhfuil an t-arbhar bainte de agus go bhfuil cuid bheag desna gais fós le feiscint ann. |
|
|
Crathach Thiar & Crathach Thoir | Áit fhliuch cosúil le portach nó bogach, b’fhéidir, atá i gceist leis an ainm seo agus an treoir ‘thoir’ agus ‘thiar’ ag baint leisNó bh’fhéidr leis gurb é an cruth ciorcalach atá ar an gcnoc is mó sa dúíche is brí leis. |
|
|
Glean Iarthach, Gleann Méanach & Gleann Oirtheach | Tá na logainmneacha seo soiléir go leor ó thaobh brí de. |
|
|
Gort na Lobhar | Is é is dóíchí atá i gceist leis an ainm seo ná áit go mbíodh daoine ar coraintín inti go mbíodh galair thógálacha acu. Dealraíonn sé gurbh ó ainm goirt ar leith go bhfuil an t-ainmcéanna ag baint leis a shíolraíonn ainm an bhaile fearainn. |
|
|
Lios Ó Móine | Áitreabh duine darbh ainm Mughain (as Béarla). |
|
|
|
| Back to top of the Page |