Murach ár dtacathóirí ní fhéadfadh an tionscnamh
seo tarlú

Tá eagrathóirí an tsuirbhé faoi chomaoin ag na daoine seo:

 

Is é rannpháirtíocht na múinteoirí agus daltaí bunscoile agus meánscoile, na dtuismitheoirí, na n-eagraíochtaí pobail, na gcumann staire agus an phobail a chuireann ar ár gcumas seanchas chuid mhór logainmneacha a bhailiú agus a mhapú i gCorcaigh agus i gCiarraí. Gabhaimid buíochas le gach duine a chabhraigh linn trí eolas a thabhairt dúinn agus a chabhraigh linn chun suirbhéanna a eagrú go háitiúil.

Tá cabhair faighte ag codanna áirithe den Suirbhé ón Roinn Stáit : an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ó Chomhairle Contae Chorcaí agus Chiarraí. Cuireann an tacaíocht a fhaightear ó FÁS don clár traenála a bhaineann le Seanchas Research ar ár gcumas comhordnú a dhéanamh ar na sonraí agus na dtuairiscála a chnuasaítear.

Chabhraigh Comhairle Oidhreacht na hÉireann agus cláracha LEADER I agus LEADER II le síneadh an tSuirbhé sa dá chontae. Tá cabhair tugtha ag Muckross House, Cill Áirne, Co. Chiarraí chomh maith. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an East Cork Leader, West Cork Leader Co-Op, MFG Teo agus IRD Duhallow.